Tá tuilleadh polaiteoirí agus taidhleoirí sinsearacha idirnáisiúnta le páirt a ghlacadh inniu san idirbheartaíocht atá ar bun san Éigipt faoina bhfuil i ndán do Gaza.
I measc na rannpháirtithe nua, beidh Príomh-Aire Chatar, an Síc Mohammed bin Abdulrahman Al Thani; ceannaire sheirbhís faisinéise na Tuirce, Ibrahim Kalin; toscaire na Stát Aontaithe sa Mheánoirthear, Steve Witkoff; agus Jared Kushner, cliamhain Uachtarán na Stát Aontaithe Donald Trump.
Inniu an tríú lá den idirbheartaíocht neamhdhíreach idir Iosrael agus Hamas atá ar siúl i mbaile saoire Sharm El-Sheikh san Éigipt.
Tá na comhráite bunaithe ar an bplean a dhréachtaigh Trump i gcomhar le Príomh-Aire Benjamin Netanyahu in Washington an tseachtain seo caite.
De réir an phlean sin, scaoilfí saor gialla Iosraelacha; chuirfeadh Hamas a gcuid arm de láimh; agus tharraingeodh forsaí míleata Iosrael amach as Gaza diaidh ar ndiaidh.
Dúirt príomh-idirbheartaí Hamas, Khalil al-Hayya, go raibh an eagraíocht ag iarraidh gealltanas ar Trump agus ar na tíortha atá páirteach sna comhráite go gcuirfí deireadh iomlán leis an gcogadh atá Iosrael a chur ar Gaza.
Thug Trump le fios go ndéanfadh sé gach a bhféadfadh sé lena chinntiú go gcloífeadh gach dream leis an sos comhraic, dá gcuirtí i bhfeidhm é.
Nuacht agus Cúrsaí Reatha RTÉ