skip to main content

Fiosrúchán poiblí á lorg i dtaca le tragóid an Chraoslaigh

Slua mór bailithe ar an gCraosloch
Slua mór bailithe ar an gCraosloch

Tá fiosrúchán poiblí á lorg anois i dtaca le tragóid an Chraoslaigh i gContae Dhún na nGall.

Cothrom an lae inniu 3 bliana ó shin a tharla an phléasc sin a raibh bás deichniúir dá thoradh.

Bhí seirbhís cuimhneacháin ar an mbaile inniu agus go gairid i ndiaidh a 3 a chlog a cuireadh tús le himeachtaí.

Leagadh bláthfhleascanna ag láthair an stáisiúin peitril inar tharla an phléasc ar an Aoine, an 7Deireadh Fómhair 2022.

D'iarr baill de theaghlaigh na ndaoine a maraíodh gur chóir fiosrúchán poiblí a bhunú i dteannta fhiosrúchán na ngardaí atá ar siúl cheana féin.

I láthair ag an searmanas inniu bhí Antoinette Keegan, bean a chaill beirt deirféaracha i dtragóid an Stardust i mBaile Átha Cliath i 1981.

D'iarr sise anois ar an Taoiseach gníomhú láithreach agus an fiosruchán a chur ar bun, ionas 'nach gcaithfidh pobal an Chraoslaigh fanacht 43 bliain mar a bhí ar theaghlaigh an Stardust' a dúirt sí.

Ceathrar fear, triúr ban agus triúr páistí a maraíodh i dtubaiste an Chraoslaigh nuair a tharla an phléasc i Stáisiún Peitril Applegreen ar an mbaile.