skip to main content

Dúshlán mór san earnáil cúram leanaí

Cé go raibh go leor de bhuiséad 2026 ar eolas sular thosaigh an tAire Airgeadais Paschal Donoghue á fhógairt tráthnóna, bhí súil go mbeadh faoiseamh eicint ann do thuismitheoirí atá ag braith ar chúram leanaí.

Gealladh do thuismitheoirí i rith an fheachtais toghchánaíochta go laghdófaí na costaisí cúraim leanaí atá orthu go 200 euro in aghaidh na míosa ach is léir anois gur i gcaitheamh théarma an rialtais a tharlóidh sé sin seachas in aon iarraidh amháin.

Tá ardú go €125 milliún fógraithe don earnáil Foghlaim agus Cúram na Luath-Óige i mbuiséad na bliana seo chugainn.

Cé go bhfuil fáilte curtha roimh an infheistíochta, deir lucht na hearnála go gcaithfear breathnú ar rátaí pá na hoibrithe.

Deir Príomhfheidhmeannach Comhar Naíonraí na Gaeltachta Ray Mac Pháidín go gcuireann sé fáilte roimh an infheistíocht de €125 milliún le táillí do thuismitheoirí a laghdú.

"Is maith an rud é sin agus cuirim fáilte roimh an infheistíochta a bheas le déanamh do pháistí le riachtanaisí breise. Ach caithfear díriú isteach ar rátaí páigh dona múinteoirí agus na hoibrithe san naíonlanna agus sa hiarscoileanna atá ag déanamh obair chrua agus dúshlánach agus caithfear aire a thabhairt dona múinteoirí sin."

Deir Mac Pháidín mura bhfuil rátaí pá ceart ag múinteoirí agus oibrithe ní bheidh aon duine ar fáil le oibriú san earnáil.

Seo é an dúshlán is mó atá san earnáil faoi láthair a deir Mac Pháidin.

"Tá obair iontach á dhéanamh ag múinteoirí. Seo iad bunchloch na teanga ó thaobh seirbhís Chomhar Naíonraí na Gaeltachta. Tá muid ag streachailt daoine a earcú."

*************

Beidh an scéal iomlán ag Sinéad Ní Neachtain do Nuacht TG4 ag a 7 anocht.