skip to main content

An buiséad cáinte ag an bhfreasúra

An Teachta Pearse Doherty
An Teachta Pearse Doherty

Tá beartais an bhuiséid cáinte go láidir ag páirtithe an fhreasúra.

Deir siad gur ar mhaithe le forbróirí atá an buntáiste den chuid is mó agus nach bhfuil mórán fiúntais ann do ghnáthdhaoine, go háirithe iad siúd atá ar an mheánphá agus ioncam íseal.

Dúirt urlabhraí airgeadais Shinn Féin,Pearse Doherty nach bhfuil aon cheangal idir an buiséad seo agus a bhfuil ag tarlú do ghnáth-mhuintir na hÉireann amuigh ansin.

Dúirt ceannaire Aontú,Peadar Tóibín nach bhfeiceann sé tada i ngach ar chuala sé ón Rialtas inniu a chabhróidh le dul i ngleic leis an ghéarchéim tithíochta.