skip to main content

27bn euro i mbeartais coimirce sóisialaí

An tAire Caiteachas Phoiblí Jack Chambers (ar chlé) agus an tAire Airgeadais Paschal Donohue
An tAire Caiteachas Phoiblí Jack Chambers (ar chlé) agus an tAire Airgeadais Paschal Donohue

Tá luach 27bn euro de bheartais coimirce sóisialaí fógraithe i mBuiséad 2026.

Seo é an caiteachas is mó in aon roinn Rialtais don iarraidh seo.

Ardóidh caiteachas seachtainiúil na n-íocaíochtaí cosanta sóisialta, an pinsin Stáit san áireamh.

Na híocaíochtaí seachtainiúla a dhéantar ag tacú le leanaí, ardóidh sé 8 euro do pháistí faoi 12 agus 16 euro do pháistí os cionn 12.

Tá an liúntas breosla seachtainiúil ag ardú 5 euro.

Tá an t-íosphá náisiúnta le hardú 65 ceint san uair ón 1 Eanáir 2026.

Níl aon athrú áfach le teacht ar an cháin ioncaim d'oibrithe sa bhuiséad seo.