skip to main content

Triúr de theaghlach O'Connor á n-adhlacadh

Na trí chónra á dtabhairt isteach sa séipéal
Na trí chónra á dtabhairt isteach sa séipéal

'Bhí gean as cuimse ar an teaghlach agus meas dá réir'.

Sin a dúradh inniu ag Aifreann éagnairce don triúr de mhuintir O'Connor a bhfuarthas iad marbh ina dteach cónaithe i nDroim Gamhna i gContae Lú an tseachtain seo caite.

Bhailigh slua mór daoine isteach in Eaglais Naomh Pádraig i nDún Dealgan ar maidin inniu do shochraideacha na lánúine Louise (56) agus Mark (54) O'Connor chomh maith lena mac Evan (27).

Ba é an tAthair Gerry Campbell an príomh-cheiliúraí.