skip to main content

Na hionsaithe uafáis in Iosrael á gcomóradh

Láthair an ionsaithe ag Féile Ceoil Nova
Láthair an ionsaithe ag Féile Ceoil Nova

Cothrom an lae inniu 2 bhliain ó shin a tharla na heachtraí uafáis inar maraíodh suas le 1,200 duine nuair a thug treallchogaithe Hamas ruathar faoi láithreacha Ghiúdacha i ndeisceart Iosrael.

Ina theannta sin, tógadh breis is 250 duine mar ghialla de chuid Hamas ar an 7 Deireadh Fómhair 2023.

Tá an lá cinniúnach sin á chomóradh inniu ag searmanais éagsúla, ina measc láthair an ionsaithe ag Féile Ceoil Nova, áit a bhfuil coinnle agus bláthanna á leagan.

B'iad na hionsaithe sin a spreag arm Iosrael le hionradh a thabhairt faoi Stráice Gaza, réigiún a bhfuil cogadh fuilteach feicthe aige ó shin, suas le 67,000 Pailistíneach marbh de réir na haireachta sláinte i Gaza.

Israeli forces shell Gaza on anniversary of 7 October
Iarrachtaí ar son na síochána ar bun ach Iosrael ag scaoileadh sliogán i gcónaí

Tá gorta feicthe freisin ag an stráice ó shin.

Ní beag ach oiread líon na bhfoirgneamh atá fágtha ina smionagair de thoradh na ruathar agus na mbuamálacha atá déanta ag Iosrael ó shin.

Leantar ar aghaidh inniu san Éigipt le hiarrachtaí deireadh a chur leis an gcogadh i Gaza agus cainteanna ar siúl idir Iosrael agus Hamas.

Ceann de na príomh-spriocanna atá ag Iosrael ná na gialla a fuadaíodh ar an 7Deireadh Fómhair agus atá fós ina mbeatha, a fháil ar ais.

Taoiseach Micheál Martin speaking outside Government Buildings
An Taoiseach Micheál Martin

I ráiteas ón Taoiseach,Micheál Martin inniu dúirt sé gur mhór leis na gialla, gur chóir iad a shaoradh láithreach agus go gcaithfí deireadh a chur leis an gcogaíocht agus an gorta i Gaza.