skip to main content

Ainm Jim Gavin le fanacht ar an mballóid

Jim Gavin,iarrthóir Fhianna Fáil a tharraing amach as an rása
Jim Gavin,iarrthóir Fhianna Fáil a tharraing amach as an rása

Beidh ainm Jim Gavin ar an bpáipéar ballóide i gcónaí do thoghchán na huachtaránachta ar an 24 Deireadh Fómhair.

Sin ainneoin iarrthóir Fhianna Fáil a bheith tar éis a ainm a tharraingt siar ón toghchán ó mhaidin inné i bhfianaise na conspóide a tháinig chun cinn maidir le hairgead a bhí dlite do iar-thionónta dá chuid.

Fanfaidh a ainm ar an bpáipéar mar go raibh sé ann ar an gCéadaoin, an 24Meán Fómhair, an spriocdáta a bhí leagtha amach don phróiseas ainmniúcháin.

Ciallaíonn sin gur féidir vóta a chaitheamh don Uasal Gavin i gcónaí agus go gcomhairfear pé aistriúchán a thagann uaidh seo.

Deimhníodh an méid seo i ndiaidh don Roinn Tithíochta agus Rialtais Áitiúil dul i gcomhairle leis an Ard-Aighne,Rossa Fanning.