Deir Conradh na Gaeilge gur cúis mhór imní iad na bagairtí a rinne paraimíleataigh Dílseora ag an deireadh seachtaine go scriosfar maoin de chuid Chomhairle Chathair Bhéal Feirste má bhíonn comharthaíocht dátheangach orthu.
I litir oscailte ó Chonradh na Gaeilge agus ó Cheannairí na bPáirtithe agus ó Chomhairle na Cathrach deir an Conradh gur cúis imní é do gach duine a thacaíonn leis an Ghaeilge agus leis an chomhionannas trí chéile.
Tá an bhagairt cáinte ag ceannaire Aondachtóirí Uladh, Mike Nesbitt.
Chiallaódh dréachtpholasaí Gaeilge atá aontaithe ag an Chomhairle go mbeadh an Ghaeilge agus an Béarla níos feiceálaí agus iad le taobh a chéile ar gach foilseachán agus maoin de chuid na Comhairle.
Ach ó glacadh leis an pholasaí Dé Céadaoin seo caite tá an UDA agus UVF tar éis bagairt go scriosfaidh siad maoin ar bith a mbeidh an chomharthaíocht orthu.
Dúirt na heagrais paramíleatacha sin le nuachtán an Sunday Life go lasfadh siad feithiclí agus foirgnimh de chuid na Comhairle dá mbeadh an Ghaeilge le feiceáil orthu.

D'iarr Conradh na Gaeilge ar cheannairí na bpáirtithe i Stormont an bhagairt a cháineadh.
Coimisinéir na Gaeilge
Beidh dualgas ar an Choimisinéir úr Gaeilge an tAcht Féiniúlachta agus Teanga a chur i bhfeidhm.
Inné ar an ardán X dúirt an té atá ainmnithe ach nach bhfuil ceaptha don phost sin, Pól Deeds, gur toradh í an bhagairt ón UDA agus UVF ar chur chun cinn na biogóideachta sna meáin - go háirithe a dúirt sé an BBC.
Dúirt Pól Deeds gur theip ar Oifig an Fheidhmeannais i Stormont a bpolasaí féin - agus dlí na Ríochta Aontaithe - a chosaint agus go bhfuil siad ag teip ina ndualgas cúraim don Choimisinéir úr.
Níl na bagairtí ó Dhílseoirí cáinte ach ag pairtí Aondachtach amháin, Aondachtóirí Uladh an UUP.
Dúirt a gceannaire Mike Nesbitt go gcaithfear an chomharthaíocht i nGaeilge a phlé tuilleadh, agus dúirt sé gur cheart bagairt ar bith ar oibrithe na Comhairle a tharraingt siar.
Tromlach mór den Chomhairle - 42 comhalta - a vótáil ar son an pholasaí an tseachtain seo caite, baill de Shinn Féin, an SDLP, an Alliance, an Comhaontas Glas agus Pobal Seachas Brabús.
17 a chaith vóta ina aghaidh, an DUP, an UUP agus an TUV.
Beidh tuilleadh faoin scéal sin Ailbhe Ó Monacháin ar Nuacht TG4 ag a 7.