skip to main content

Fianaise DNA de dhíth, gan fhios ar bean nó fear atá básaithe

Na Gardaí ar an láthair ar ball beag
Na Gardaí ar an láthair ar ball beag

Tá fiosrúchán ar bun ag na Gardaí faoi chorp a fritheadh i gcarr a bhí tré thine i Sórd Cholmcille i dtuaisceart Chontae Bhaile Átha Cliath.

Roimh meánlae a fritheadh an corp nuair a cuireadh fios ar na seirbhísí éigeandála faoi charr a bheith tré thine ar Lána Chill Fhéich.

Tar éis don tine a bheith múchta ag an mBriogáid Dóiteáin a tugadh faoi deara an corp.

Tá an limistéar caomhnaithe ag na Gardaí agus fios curtha ar an mBiúró Teicniúil agus ar Phaiteolaí an Stáit.

Tá na Gardaí a deir siad go mór in amhras faoi chéard ba chion tsiocair le bás an duine.

Ní heol ag an tráth seo a deir siad ar bean nó fear a loiscíodh.

Meastar go mbeidh fianaise DNA ag teastáil le ainm a chur ar an duine.