skip to main content

Trump ag bagairt tine agus ruibh a fhearadh ar Gaza

Trump ag bagairt tine agus ruibh san áit a bhfuil siad cheana: Cathair Gaza, 3 Deireadh Fómhair 2025
Trump ag bagairt tine agus ruibh san áit a bhfuil siad cheana: Cathair Gaza, 3 Deireadh Fómhair 2025

Tá fógra tugtha ag Uachtarán Mheiriceá Donald Trump do Hamas glacadh faoi thráthnóna Dé Domhnaigh seo chugainnn lena bhfuil socraithe aige féin agus ag Príomh-Aire Iosrael Benjamin Netanyahu maidir lena bhfuil i ndán do Gaza, é sin nó "scaoilfear ceann le diabhail ifrinn", mar a dúirt sé.

6 a chlog tráthnóna Dé Domhnaigh, am Washington DC, an spriocam atá leagtha síos ag Trump. Sin 11 a chlog san oíche in Éirinn.

Níos túisce inniu, sular bhagair Trump tine agus ruibh a fhearadh ar Phalaistínigh Gaza, d'fhógair Hamas go raibh tuilleadh ama ag teastáil uathu le socrú Trump agus Netanyahu a mheas.

Thug urlabhraí Hamas le fios go raibh ceannairí na heagraíochta agus idirghabhálaithe idirnáisiúnta i ndáil chomhairle faoin socrú a d'fhoilsigh Trump i gcomhar le Netanyahu in Washington Dé Máirt seo caite.

De réir ar aontaigh an dís úd, chuirfí sos comhraic i bhfeidhm in Gaza láithreach; ligfí do na Náisiúin Aontaithe soláthairí fóirithinte a thabhairt isteach sa limistéar; agus mhalartódh Iosrael agus Hamas cimí agus gialla.

Ina dhiaidh sin, tharraingeodh fórsaí míleata Iosrael amach as Gaza de réir a chéile; chuirfeadh Hamas a gcuid arm de láimh agus scoirfeadh an eagraíocht go hiomlán.

Ina cheann sin, ghlacfadh údarás idirthréimhseach idirnáisúnta an chumhacht ar láimh ó Hamas; bheadh fórsaí míleata Iosrael i mbun cúrsaí slándála go sealadach ach bhronnfaí an cúram sin ar fhórsa idirnáisiúnta síochána tar éis scaithimh.

Saighdiúirí ó thíortha Moslamacha a bheadh san fhórsa idirnáisiúnta úd, lena n-áireofaí an Tuirc agus an Indinéis.

Mar le cúrsaí bonneagair, mhaoineodh stáit shaibhre Arabacha an t-athchóiriú ó bhonn a chaithfí a dhéanamh ar Gaza.

I dtaca le daoine de, ní dhíbreofaí aon duine as Gaza seachas ceannairí Hamas agus thabharfaí pardún do ghnáthchomhaltaí na heagraíochta dá dtabharfaidís cúl le foréigean.

Tá lua freisin sa cháipéis ar stát Palaistíneach a bhunú, bíodh is go bhfuil sé débhríoch.

Níl aon mhuinín ag Palaistínigh, mas ea, as rún na nIosraelach – rún na calaoise, dar leo – go háirithe ó dúirt Netanyahu go bhfanfadh fórsaí míleata Iosrael in Gaza agus ó thug sé le fios gur dóichide cuisne a theacht ar bhallaí an ifrinn úd a raibh Trump ag caint air ná Iosrael a ghlacadh le stát Palaistíneach.

Nuacht agus Cúrsaí Reatha RTÉ