skip to main content

Stoirm Amy: 184,000 áitreabh gan cumhacht leictreach

An fharraige ag tonnadh isteach ar an gcladach san Fhianait i gCo Chiarraí
An fharraige ag tonnadh isteach ar an gcladach san Fhianait i gCo Chiarraí

Gortaíodh fear go dona i dtimpiste i gCo Dhún na nGall inniu arbh í an aimsir gharbh ba shiocair leis, a deir na Gardaí. Tharla an tionóisc i Leitir Ceanainn ag thart ar 4.15 tráthnóna.

Agus Stoirm Amy ag déanamh a díchill ar fud na tíre, tuairiscítear go bhfuil thart ar 184,000 áitreabh gan cumhacht leictreach faoi láthair.

Tá seacht bhfoláireamh éagsúla aimsire fógartha ag na meitéareolaithe – ó bhuí go dearg – in áiteanna éagsúla sa tír.

Is tromchúisí dar ndóigh an foláireamh dearg mara atá fógartha idir 2 a chlog agus 8 a chlog tráthnóna inniu ó Cheann Léime i gCo an Chláir go Ceann Ros Eoghain i gCo Dhún na nGall go dtí an Bhinn Mhór i gCo Aontroma.

Go deimhin, is feadh an imeallbhoird idir Gaillimh agus Dún na nGall is gairbhe atá an aimsir, mar a bhfuil suas le 120 ciliméadar san uair faoin ngaoth, siúd is go bhfuil mórán gach áit sa tíre tar éis a cion féin den tuargaint a fháil.

Deir Met Éireann go bhfuil neart os meán sa stangadh gaoithe agus gur dóichí go ngearrfar an chumhacht i dtuilleadh áiteanna, go leagfar crainn agus go dtonnfaidh an fharraige isteach ar chladaí dá bhíthin.

Ó tugadh fógra go tráthúil, tá daoine in áiteanna is sceirdiúla á ndíonadh féin ó inné ar an rud nach bhfuil inseachanta.

Cuir i gcás, tá málaí gainimh brúite isteach go dlúth le doirse i nDún na nGall agus i Sligeach ar fhaitíos go sceithfeadh uisce isteach i dtithe agus i siopaí, go háirithe i gceantair a bhfuil ciall cheannaithe ag an bpobal.

Táthar ag achainí ar dhaoine gnáthchiall a bheith acu freisin agus fanacht sa bhaile seachas dul i nguais agus dúshlán na síne a thabhairt gan údar maith.

Ní mór do dhaoine a bheith san airdeall ar shreanga cumhachta atá tite, a deir Bord Soláthair an Leictreachais, agus gan drannadh leo ná lámh a leagan orthu.

Deir an comhlacht go bhfuil a gcuid teicneoirí innealta agus ar fuireachas le hobair dheisiúcháin a dhéanamh a thúisce is féidir, más gá.

Nuacht agus Cúrsaí Reatha RTÉ