Tá an scríbhneoir agus craoltóir aitheanta Manchán Magan tar éis bháis in aois a 55 bhliana.
Bhí cáil náisiúnta bainte amach ag Magan de bharr a chuid oibre do TG4 agus RTÉ, obair a thosaigh sé thiar sna naochadaí nuair nach raibh sé i bhfad tar éis a chuid oideachais a chríochnú.
Deir Prionnsias Ní Ghráinne, eagarthóir choimisiúnaithe TG4 inniu, gur tháinig Manchán agus a dheartháir Ruán chuig an stáisiún ag iarraidh ceamara a fháil ón gcraoltóir nua, ag maíomh go bhféadfadh an bheirt acu cláracha taistil a chur le chéile don chainéal nua Gaeilge.
Deir Ní Ghráinne go bhfacthas i Manchán buanna a dhéanfadh láithreoir maith dó, agus chuaigh TnaG, mar a bhí ag an am, san fhiontar leis agus fuair an bheirt an ceamara. Thugadar aghaidh ar an India, agus as an turas sin tháinig sraith clár taistil, agus tús le ré Mhancháin sna meáin.
Lean sraitheanna eile é sin, chomh maith le scannáin agus leabhair. Ar cheann díobh sin bhí an tsraith No Béarla, turas timpeall na hÉireann agus é ag labhairt Gaeilge amháin gach áit a ndeachaigh sé.
Deir Proinsias Ní Ghráinne go raibh a chroí sa Ghaeilge agus sa chultúr a bhain leis an teanga agus gur theastaigh uaidh go mbeadh teacht ag gach duine ar an gcultúr sin. Ach le daoine a mhealladh a bhí sé le héadroime agus le greann. Dhúisigh sé an t-iontas roimh shaibhreas an tsaoil timpeall orainn, a dúirt sí.
Ba é an tsraith dheireanach a rinne sé do RTÉ Listen to the Land Speak, cláir inar shiúl sé bealaigh spioradálta ársa na tíre féachaint le ceangal idir an duine agus a oidhreacht sa talamh a thabhairt ar ais.
Tá leabhair agus iliomad colún scríofa aige do nuachtáin. Ba é Ninety-Nine Words for Rain (and One for Sun) a leabhar deireanach a foilsíodh an mhí seo caite.
Labhair Manchán Magan le Brendan O'Connor trí seachtaine ó shin agus dhearbhaigh go raibh ailse air nach mbeadh leigeas air. Dúirt sé san agallamh nach raibh aon fhaitíos air roimh an mbás.
I mBaile Átha Cliath a rugadh Manchán Magan agus tógadh i gceantar Dhomhnach Broc é.
Maireann a pháirtí Aisling, a mháthair Cróine, a dheartháir agus beirt dheirfiúracha