Tá postáil a bhí foilsithe ar Instagram ag an iarrthóir Uachtaránachta Jim Gavin scriosta aige "ar an-eagla na ró-eagla", mar a thug sé fein le fios.
Físeán a bhí sa phostáil inar luaigh sé glao teileafóin a bhí faighte aige ó oifigeach in Óglaigh na hÉireann atá ar fianas síochana leis na Náisiúin Aontaithe sa Liobáin.
Níl cead ag Óglaigh Éireann claontacht a léiriú i leith aon iarrthóirí ná páirtithe i dtoghcháin sa Stát.
Iarrthóir Fhianna Fáil sa toghchán Uachtaránachta is ea Jim Gavin.
Inné, dhiúscair sé físeán eile ina raibh saighdiúirí faoi éide ag bualadh bos agus é ag glacadh páirt i rás bóthair ar son iarshaighdiúirí.
D'admhaigh Jim Gavin freisin nár cloíodh leis na rialacha maidir le dróin in dhá phíosa scannánaíochta a rinneadh ar son a fheachtais toghcháin agus ghabh sé leithscéal faoi.
Oifigeach in Óglaigh na hÉireann ar feadh fiche bliain ab ea Jim Gavin.
Nuacht agus Cúrsaí Reatha RTÉ