skip to main content

Beirt maraithe taobh amuigh de shionagóg i Manchain

Tharla an t-ionsaí ag sionagóg i gceantar Crumpsall i dtuaisceart Mhanchain
Tharla an t-ionsaí ag sionagóg i gceantar Crumpsall i dtuaisceart Mhanchain

Ionsaíodh agus maraíodh beirt taobh amuigh de shionagóg i Manchain ar maidin inniu. Gortaíodh go dona triúr eile.

Go gairid ina dhiaidh sin, lámhach agus mharaigh na póilíní an té a bhí freagrach as an ionsaí.

Tharla an t-uafás ag Sionagóg Heaton Park i gceantar Crumpsall i dtuaisceart Mhanchain ag thart ar 9.30 ar maidin.

Tuigtear gur maraíodh duine amháin nuair a thiomáin fear gluaisteán isteach i ngrúpa daoine a bhí bailithe lasmuigh den tsionagóg.

Is cosúil gur sádh agus gur maraíodh garda slándála ina dhiaidh sin.

Dúirt Príomh-Aire na Breataine Keir Starmer gur chuir an t-ionsaí alltacht air, go háirithe ós inniu Yom Kippur, Lá an Leorghnímh, an lá is beannaithe i bhféilire na nGiúdach.

Nuacht agus Cúrsaí Reatha RTÉ