skip to main content

Conspóid faoi bhean a bhí fostaithe ag Catherine Connolly

An t-iarrthóir Uachtaránachta Catherine Connolly ag caint ar RTÉ ar maidin inniiu
An t-iarrthóir Uachtaránachta Catherine Connolly ag caint ar RTÉ ar maidin inniiu

Tá cáineadh déanta ar iarrthóir na heite clé sa toghchán Uachtaránachta, an Teachta Dála Neamspleách Catherine Connolly, faoi iarphríosúnach mná a fhostú mar fheidhmeannach riaracháin ina hoifig i nDáil Éireann.

Dúirt Catherine Connolly go raibh an bhean ag obair di ar feadh níos lú ná sé mhí in 2018 agus thug le fios gur éirigh sí as an gcúram dá deoin féin sular cheadaigh na Gardaí imréiteach slándála di.

Dhearbhaigh Catherine Connolly go raibh imréiteach slándála iarrtha ar na Gardaí ach nach raibh an próiseas curtha i gcrích faoin am a d'éirigh an bhean as.

Iarbhall den ghrúpa radacach poblachtach Éirigí atá sa bhean ar gearradh sé bliana príosúin uirthi in 2014 faoi airm thine agus armlón a bheith ina seilbh aici.

Dúirt an Taoiseach Micheál Martin gur scéal an-tromchúiseach a bhí ann agus mhaígh gur mhístuama an beart é ag Catherine Connolly an bhean a fhostú.

Iarrthóir Fhine Gael sa toghchán Uachtaránachta, Heather Humphreys, dar léi féin gur scéal an-tromchúiseach é agus dúirt go raibh "ceisteanna le freagairt" ag Catherine Connolly.

Ag labhairt di ar RTÉ inniu, duirt Catherine Connolly go raibh an bhean a d'fhostaigh sí athraithe ó bhí sí sa phríosún agus nach gcreideann an bhean i rudaí ar chreid sí iontu cheana.

Tá Sinn Féin ag tacú le Catherine Connolly sa toghchán Uachtaránachta agus dúirt urlabhraí airgeadais an pháirtí sin Pearse Doherty nár údar imní a bhí sa scéal dósan mar gur chloígh Catherine Connolly leis an bpróiseas cuí nuair a d'fhostaigh sí an bhean.

Nuacht agus Cúrsaí Reatha RTÉ