Tá an loingeas fóirithinte a bhí ar a bealach go Gaza stoptha in oirthear na Meánmhara ag fórsaí míleata Iosrael agus bac curtha acu ar na báid dul níos faide.
40 bád sibhialtach as tíortha éagsúla atá sa loingeas a bhfuil lón bia agus leighis ar iompar aici le súil a dháileadh ar lucht an chaill in Gaza.
Tá thart ar 500 duine rannpháirteach sa loingeas, lena n-áirítear parlaimintigh, díodóirí agus gníomhaithe.
Tá an Seanadóir Chris Andrews ó Shinn Féin ar dhuine den 22 rannpháirtí as Éirinn.
I bhfíseán a phostáil sé ar na meáin shóisialta aréir, dúirt Chris Andrews gur fuadaíodh é féin agus daoine eile agus gur tugadh go hIosrael iad in aghaidh a dtola.
Nuacht agus Cúrsaí Reatha RTÉ