Vótáil Comhairle Cathrach Bhéal Feirste tráthnóna inné i bhfabhar polasaí úr Gaeilge a chur i bhfeidhm le dúil an teanga a chothú agus a chur chun cinn i seirbhísí áitiúla agus i saol poiblí na cathrach.
Chomh maith le comharthaíocht dhátheangach, gealltar sa pholasaí teagasc agus foghlaim na Gaeilge a chur chun cinn; imeachtaí agus tograí i nGaeilge a reáchtail agus a chur sa siúl; agus an teanga a bheith le feiceáil agus le cloisteáil i bhfógraí poiblí éagsúla.
Dearfar suaitheantas nua don Chomhairle Cathrach fosta.
Tá súil an polasaí úr a chur i bhfeidhm de réir a chéile as seo go ceann dhá bhliain.
Sinn Féin, an SDLP, Páirtí na Comhghuaillíochta, Pobal Roimh Bhrabús agus an Comhaontas Glas, vótáil siad ar fad i bhfabhar an pholasaí úir. Ina aghaidh, bhí an DUP, Páirtí Aontachtach Uladh agus an TUV.

Cor cinniúnach i saol na cathrach a bhí sa vóta, dar leis an chomhairleor Tomás Ó Néill ó Shinn Féin, agus dúirt go raibh an polasaí úr "ar cheann de na beartais Ghaeilge ab fhorasaí a tugadh isteach riamh in Éirinn".
Dúirt an comhairleoir Michael Long ó Pháirtí na Comhghuaillíochta gur vótáil an páirtí sin i bhfabhar an pholasaí mar gur mian leo "tacú le cearta lucht mionteanga ar teanga dhúchasach í".
Os a choinne sin, dúirt an comhairleoir Sarah Bunting ón DUP go raibh easpa soiléire ag baint leis an pholasaí Gaeilge, go háirithe ó thaobh costais de.
Ní theastaíonn ó mhuintir Bhéal Feirste, arsa sí, go gcaithfí a gcuid airgid "ar pholasaí beagthairbheach", ar "togra fantaisíochta" é i ndáiríre, a dúirt sí mar Sarah Bunting.
£1.9 milliún atá geallta ag Comhairle Cathrach Bhéal Feirste leis an pholasaí a chur i bhfeidhm as seo go ceann dhá bhliain.
Tá fáílte curtha ag Conradh na Gaeilge agus ag Foras na Gaeilge roimh an vóta.
Nuacht agus Cúrsaí Reatha RTÉ