skip to main content

Súil ag scoil bheag i gCo an Chláir díolúine a fháil

Scoil Mhichíl Naofa gar d'Inis Díomáin i gCo an Chláir
Scoil Mhichíl Naofa gar d'Inis Díomáin i gCo an Chláir

Ní bhfuair scoil bheag tuaithe i gCo an Chláir an líon beag daltaí breise a bhí de dhíth uirthi le go bhfanfadh sí oscailte an chéad scoilbhliain eile.

De réir rialacha na Roinne Oideachais, teastaíonn aon dalta dhéag ón scoil náisiúnta i bhForghleann ach níl aici ach seachtar faoi láthair.

Níorbh fholáir don cheathrar daltaí breise a theastaigh clárú roimh an meán oíche aréir ach faraor nár tháinig siad chun cinn.

Príomhoide na scoile, Patricia Vaughan, níl deireadh dúile bainte aici de fós óir is féidir leis an Roinn Oideachais díolúine a thabhairt do scoileanna beaga, má dhéanann siad achomharc.

Dhearbhaigh Patricia Vaughan go dtapófaí an deis sin agus go ndéanfadh an scoil achomharc san earrach.

Tógadh Scoil Mhichíl Naofa i bhForghleann i 1963 ach tá scoil lonnaithe sa cheantar ó na 1880í.

Tá beirt mhúinteoirí, múinteoir páirtaimseartha riachtanas speisialta agus cúntóir riachtanas speisialta ag obair sa scoil i láthair na huaire.

Nuacht agus Cúrsaí Reatha RTÉ