skip to main content

Fear cúisithe i gcoirloscadh agus i gcionta sceimhlitheoireachta

Rinneadh ionsaí coirloiscthe ar theach tábhairne an Black Forge ar an 25 Iúil
Rinneadh ionsaí coirloiscthe ar theach tábhairne an Black Forge ar an 25 Iúil

Tugadh fear 23 bliain d'aois os comhair Chúirt Dúiche Chnoc na Seamar inniu agus é cúisithe i gcoirloscadh agus i gcionta sceimhlitheoireachta.

Sin é Abdullah Khan atá cúisithe cheana i nGarda a shá le scian i lár Bhaile Átha Cliath i mí Iúil seo caite agus ar cuireadh sceimhlitheoireacht ina leith inniu freisin i dtaca leis an ionsaí sin.

Cuireadh ina leith chomh maith go ndearna sé ionsaí coirloiscthe ar theach ósta an Black Forge i nDroimeanach, ar le Conor McGregor é, ceithre lá roimh an ionsaí ar an nGarda.

Dúradh sa chúirt inniu gur threoraigh an Stiúrthóir Ionchúiseamh Poiblí Abdullah Khan a chur ar a thriail sa Chúirt Choiriúil Speisialta.

Cuireadh an cúisí siar faoi choinneáil agus tabharfar os comhair na cúirte arís é an tseachtain seo chugainn.

Níl cead seoladh baile Abdullah Khan a fhoilsiú ar chúinsí slándála.

Nuacht agus Cúrsaí Reatha RTÉ