skip to main content

Cruinniú faoi aerspás an Aontais Eorpaigh a dhaingniú

Fógra rabhaidh gar d'Aerfort Chóbanhávan
Fógra rabhaidh gar d'Aerfort Chóbanhávan

Tá an Taoiseach Micheál Martin ag freastal ar chruinniú neamhfhoirmiúil de cheannairí an Aontais Eorpaigh a tionóladh inniu i bpríomhchathair na Danmhairge, Cóbanhávan, leis an mbagairt mhíleata ón Rúis a phlé.

Tá scairdeitleáin mhíleata na Rúise ag dul thar teorainn isteach in aerspás an Aontais Eorpaigh níos minice le gairid agus tá imní sa Danmhairg go háirithe faoi na dróin atá ag guairdeall timpeall bhunáiteanna míleata na tíre go rialta.

B'éigean freisin Aerfort Chóbanhávan a dhruidim le deireanas mar gheall ar dhróin a bheith ag foluain os a chionn.

Is le fonn an tAontas Eorpach a ghriogadh, is cosúil, atá na Rúisigh ag brú ar an doicheall dóibh – murar le rún níos mailísí é.

Cad é atá le déanamh faoi ceann den dá cheist mhóra atá á chriathrú sa chruinniú i gCóbanhávan inniu.

Cuir i gcás, tá caint ar a thuilleadh eitleán agus a thuilleadh long a chur ar patról in aerspás agus in uiscí oirthear an Aontais Eorpaigh le súil na Rúisigh a chur ó dhoras, agus tá lua chomh maith ar fhál leictreonach a chur suas leis na ballstáit a chosaint ar dhróin choimhthíocha.

Is í cúis na hÚcráine an dara ceist mhór atá na ceannairí a chíoradh i gCóbanhávan inniu.

Agus an tsreang á coinneáil ar an spaga ag Rialtas na Stát Aontaithe, creideann na hEorpaigh nach bhfuil aon rogha acu ach cur leis an tacaíocht airgeadais agus leis tacaíocht mhíleata atá siad a thabhairt don Úcráin cheana féin.

Chuige sin, tá rún acu tarraingt as tobar nach raibh coinne leis, mar atá, luach €200 billiún de shócmhainní éagsúla san Eoraip ar leis an Rúis iad ach atá calctha le breis agus trí bliana.

Nuacht agus Cúrsaí Reatha RTÉ