I gcúirt an Old Bailey i Londain inniu, phléadáil fear 58 bliain d'aois neamhchiontach i bhfear aosta as Éirinn a dhúnmharú i dtuaisceart na cathrach sin i mí na Bealtaine seo caite.
Ionsaíodh John Mackey, a bhí 87 bliain d'aois, i gceantar Manor House gar do Finsbury Park go gairid roimh 6 a chlog tráthnóna an 6 Bealtaine agus bhásaigh sé san ospidéal dhá lá ina dhiaidh sin.
Bhí John díreach tar éis a chuid siopadáoireachta a dhéanamh in ollmhargadh an Co-op agus i siopa áitiúil ceibeab nuair a hionsaíodh é .
Ba as Páirc Uí Mhaoilíosa i mbaile Challainn i gCo Chill Chainnigh ó dhúchas John agus bhí sé naoi mbliana déag nuair a chuaigh sé ar an mbád bán.
Is é Peter Augustine, as Hornsey i dtuaisceart Londan, an té atá cúisithe ina dhúnmharú, chomh maith lena robáil.
Dúradh sa chúirt inniu nach mbeadh meabhairshláinte Peter Augustine ina chúinse cosanta sa triail a gcuirfear tús leis ar an 3 Samhain.
Adhlacadh John Mackey i gCallainn i mí an Mheithimh, áit a ndúradh ina leith gur fear uasal a bhí ann a raibh gean agus gnaoi an phobail air.
Nuacht agus Cúrsaí Reatha RTÉ