skip to main content

Fear cúisithe i ndúnmharú a thuismitheoirí agus a dhearthár

Tugadh Robert O'Connor os comhair Chúirt Dúiche Dhroichead Átha i gCo Lú tráthnóna
Tugadh Robert O'Connor os comhair Chúirt Dúiche Dhroichead Átha i gCo Lú tráthnóna

Tugadh fear 31 bliain d'aois os comhair Chúirt Dúiche Dhroichead Átha i gCo Lú tráthnóna agus é cuisithe i ndúnmharú a thuismitheoirí agus a dhearthár a bhfuarthas a gcoirp ina dteach cónaithe i nDroim Gamhna sa chontae sin ar maidin inné.

Tá Robert O'Connor cúisithe i ndúnmharú a athar Mark O'Connor, 54 bliain, a mháthar Louise O'Connor, 56 bliain, agus a dhearthár Evan O'Connor, a bhí 27 bliain agus a raibh riachtanais bhreise aige.

Thug Garda le fios sa chúirt nach ndúirt Robert O'Connor aon ní nuair a cúisíodh é sa chion.

Dúirt aturnae an chúisí go raibh cúram meabhairshláinte á fháil ag a chliant le beagnach deich mbliana agus d'iarr sé go ndéanfaí measúnú síciatrach air agus é faoi choinneáil.

D'iarr an t-aturnae freisin saorchúnamh dlí ar an gcúirt thar ceann a chliaint.

Cheadaigh an Breitheamh Stephanie Coggans an dá iarratas sin, chuir sí Robert O'Connor siar faoi choinneáil agis d'ordaigh é a thabhairt os comhair na cúirte arís ar nasc físe Dé Luain seo chugainn.

Nuacht agus Cúrsaí Reatha RTÉ