Tá scrúduithe iarbháis le déanamh inniu ar choirp an triúir ón teaghlach céanna a fuarthas marbh ag a dteach cónaithe i nDroim Gamhna i gCo Lú ar maidin inné.
Creidtear gur ionsaíodh go brúidiúil an triúr – Mark agus Louise O'Connor, lanúin phósta a bhí 54 agus 56 bliain d'aois faoi seach, agus a mac Evan, a bhí 27 bliain d'aois agus a raibh riachtanais bhreise aige.
Bhí Evan ag freastal ar ionad cúraim lae agus is é an té a tháinig faoina choinne a fuair na coirp.
Tá fear sna tríochaidí a gabhadh inné ar amhras gur dhúnmharaigh sé an triúr fós faoi choinneáil ag na Gardaí.
Dúirt na Gardaí inné go raibh cóireáil leighis ag teastáil ón bhfear agus dhearbhaigh siad nach raibh siad sa tóir ar aon duine eile faoi mharú an triúir.
Tugadh na coirp chuig Ospidéal Mhuire Lourdes i nDroichead Átha tráthnóna inné, áit a ndéanfar na scrúduithe iarbháis inniu.
Tá scrúduithe dlí-eolaíochta á ndéanamh ar an teach i nDroim Gamhna i gcónaí ag na Gardaí.
Nuacht agus Cursaí Reatha RTÉ