Tá sé tugtha le fios ag Hamas go mbreathnóidh siad "le dea-rún" ar ar shocraigh Uachtarán Mheiriceá Donald Trump agus Príomh-Aire Iosrael Benjamin Netanyahu maidir le Gaza nuair a chuaigh an bheirt i ndáil chomhairle sa Teach Bán in Washington inné.
Bhagair Trump, áfach, go mbeadh cead a gcinn ag na hIosraelaigh in Gaza mura nglacfadh Hamas lenar socraíodh.
De réir ar aontaigh Trump agus Netanyahu agus ar foilsíodh go hachomair i ndréachtcháipéis 20 pointe, chuirfí sos comhraic i bhfeidhm in Gaza láithreach; ligfí do na Náisiúin Aontaithe soláthairí fóirithinte a thabhairt isteach sa limistéar; agus mhalartódh Iosrael agus Hamas cimí agus gialla.
Ina dhiaidh sin, tharraingeodh fórsaí míleata Iosrael amach as Gaza de réir a chéile; chuirfeadh Hamas a gcuid arm de láimh agus scoirfeadh an eagraíocht go hiomlán.
Ina cheann sin, ghlacfadh údarás idirthréimhseach idirnáisúnta an chumhacht ar láimh ó Hamas; bheadh fórsaí míleata Iosrael i mbun cúrsaí slándála go sealadach ach bhronnfaí an cúram sin ar fhórsa idirnáisiúnta síochána tar éis scaithimh.
Saighdiúirí ó thíortha Moslamacha a bheadh san fhórsa idirnáisiúnta úd, lena n-áireofaí an Tuirc agus an Indinéis.
Mar le cúrsaí bonneagair, mhaoineodh stáit shaibhre Arabacha an t-athchóiriú ó bhonn a chaithfí a dhéanamh ar Gaza.
I dtaca le daoine de, ní dhíbreofaí aon duine as Gaza seachas ceannairí Hamas agus thabharfaí pardún do ghnáthchomhaltaí na heagraíochta dá dtabharfaidís cúl le foréigean.
Tá lua freisin sa cháipéis ar stát Palaistíneach a bhunú ach tá sé débhríoch.
Tá glactha le plean Trump agus Netanyahu cheana féin ag an Éigipt, Catar, an Araib Shádach, Aontas na nÉimíríochtaí Arabacha, an Tuirc, an Indinéis agus ag an bPacastáin.
Dúirt Uachtarán an Choimisiúin Eorpaigh Ursula von der Leyen go raibh sí féin an-sásta leis an bplean chomh maith.
Ar a shon sin, dealraítear go bhfuil Netanyahu ag dul siar cheana féin ar a bhfuil sa phlean ó thug sé le fios ó shin go bhfanfadh fórsaí míleata Iosrael in Gaza agus dúirt go neamhbhalbh nach raibh seans dá laghad go nglacfadh na hIosraelaigh le stát Palaistíneach.
Nuacht agus Cúrsaí Reatha RTÉ