skip to main content

Oidhreacht na dTrioblóidí le plé ag an gComhaireacht

Tá an Tánaiste Simon Harris le comhaontú faoi lorg na coimhlinte ó thuaidh a phlé leis an gComhaireacht inniu
Tá an Tánaiste Simon Harris le comhaontú faoi lorg na coimhlinte ó thuaidh a phlé leis an gComhaireacht inniu

Tabharfaidh an Tánaiste Simon Harris tuilleadh eolais don Chomhaireacht inniu ar an gcomhaontú a rinneadh le Rialtas na Breataine le gairid maidir le hoidhreacht na dTrioblóidí sa Tuaisceart.

Mar chuid den chomhaontú sin, tá Rialtas na hÉireann le €25 milliún a chur ar fáil as seo go ceann trí bliana d'fhulangaithe, lena n-áirítear daoine a gortaíodh nó ar maraíodh daoine muinteartha leo le linn na coimhlinte.

Ina cheann sin, tá aonad speisialta sa Gharda Síochána le bunú faoi dheireadh na bliana seo le ceisteanna a bhaineann le lorg na coimhlinte a láimhseáil.

D'fhoilsigh an dá Rialtas creatcháipéis maidir le hoidhreacht na dTrioblóidí ar an 19 Meán Fómhair agus tá fáilte áirithe curtha roimhe ag na fulangaithe agus ag grúpaí eile a bhfuil guthaíocht acu ar an gceist.

Deir na fulangaithe, ámh, go gcaithfear reachtaíocht chuí a thabhairt isteach agus, thar aon ní eile, a chur i bhfeidhm lena chruthú go bhfuiltear dáiríre faoi dhul i ngleic le lorg na coimhlinte.

Nuacht agus Cúrsaí Reatha RTÉ