skip to main content

Tubaiste an Chraoslaigh: comhad seolta ar aghaidh ag na Gardaí

Maraíodh deichniúr i bpléasc a tharla ag an stáisiún seirbhísí i sráidbhaile an Chraoslaigh ar an 7 Deireadh Fómhair 2022
Maraíodh deichniúr i bpléasc a tharla ag an stáisiún seirbhísí i sráidbhaile an Chraoslaigh ar an 7 Deireadh Fómhair 2022

Tá sé tugtha le fios ag na Gardaí go bhfuil comhad curtha acu chuig an Stiúrthóir Ionchúiseamh Poiblí i dtaca le tubaiste an Chraoslaigh i gCo Dhún na nGall.

Cé ea, dúirt na Gardaí nach raibh deireadh curtha acu lena bhfiosrúchán faoin tubaiste agus dhearbhaigh siad go raibh siad fós ina bhun i gcomhar leis an Údarás Sláinte agus Sábháilteachta agus leis an gCoimisiún um Rialáil Fóntais.

Maraíodh deichniúr – ceathrar fear, triúr ban agus triúr páistí – i bpléasc a tharla ag an stáisiún seirbhísí sa Chraoslach ar an 7 Deireadh Fómhair 2022.

I ráiteas, thug na Gardaí cuntas gairid ar thorthaí an fhiosrúcháin go dtí seo.

Bailíodh 1,500 ráiteas agus cuireadh i dtoll a chéile 1,000 tuairisc faoin tubaiste, a dúradh sa ráiteas.

Tugadh le fios freisin gur gabhadh seachtar mar chuid den fhiosrúchán – seisear fear agus bean – cé nár cuireadh an dlí ar aon duine fós.

Tá oifigigh idirchaidrimh go fóill ag tacú leis na teaghlaigh agus reáchtáiltear cruinnithe eolais leo go rialta, an ceann is deireanaí tráthnóna inné, a dúradh.

Nuacht agus Cúrsaí Reatha RTÉ