skip to main content

Deireadh le 75 post in Áth Luain, 140 post nua i nGaillimh

9,000 oibrí le scaoileadh chun bealaigh ag Novo Nordisk ar fud an domhain
9,000 oibrí le scaoileadh chun bealaigh ag Novo Nordisk ar fud an domhain

Tuigtear go bhfuil an comhlacht cógaisíochta as an Danmhairg Novo Nordisk le tuairim is 75 fostaí a ligean chun siúil ón ionad déantúsaíochta atá acu i bhFearann na Manach i mBaile Átha Luain.

É sin tar éis do thart ar 40 fostaí eile i bhFearann na Manach glacadh le hiomarcaíocht dheonach le roinnt seachtainí.

Deir Novo Nordisk go bhfuil ciorruithe á gcur i bhfeidhm acu ar fud an domhain agus go bhfuil rún acu 9,000 oibrí san iomlán a ligean ar scor go buan.

Sin an dochar, ach ar thaobh an tsochair tá comhlacht eile atá bainteach leis an earnáil cógaisíochta le suas le 140 post nua a chur ar fáil i nGaillimh as seo go ceann trí bliana.

Is in ionad an chomhlachta Complete Laboratory Solutions (CLS) ar Bhóthar Thuama i gcathair na Gaillimhe a chruthófar na poist nua, áit a bhfuil 260 duine ag obair cheana féin.

Táthar ag cur le hobair CLS i nGaillimh tar éis don chomhlacht agus don Ghníomhaireacht Forbartha Tionscail araon €9 milliún a infheistiú in oiliúint na foirne ansin.

Cuireann CLS seirbhísí saotharlainne ar fáil do chomhlachtaí cógaisíochta, tárigí leighis, bia agus comhshaoil.

Comhlacht Éireannach is ea CLS, a bunaíodh 30 bliain ó shin, agus tá sé ar an gcomhlacht is mó dá chineál sa tír.

Nuacht agus Cúrsaí Reatha RTÉ