skip to main content

'Ní mór seirbhísí cúraim éigeandála i Luimneach a fheabhsú go pras'

Bíonn líon mór othar ar thralaithe in Ospidéal Ollscoile Luimnigh mórán gach lá
Bíonn líon mór othar ar thralaithe in Ospidéal Ollscoile Luimnigh mórán gach lá

Deirtear i dtuarascáil nua ón Údarás um Fhaisnéis agus Cáilíocht Sláinte go gcaithfear dul i ngleic go pras leis an easpa éifeachta i seirbhísí cúraim éigeandála in Ospidéal Ollscoile Luimnigh agus sa mheániarthar trí chéile, agus moltar an fhadhb a réiteach ar cheann de thrí bhealach.

Moltar ceann acu ospidéal eile le rannóg éigeandála a thógáil; cur leis an rannóg éigeandála atá in Ospidéal na hOllscoile cheana féin; nó rannóg éigeandála eile a thógáil ar an suíomh céanna.

Mar leis an gcéad mholadh díobh, ghlacfadh sé tamall fada ospidéal nua a thógáil agus deir údair na tuarascála gur thúisce a d'fheabhsódh seirbhísí cúraim éigeandála sa réigiún, agus sábháilteacht othar dá réir, dá mba cheann den dá mholadh eile a chuirfí i bhfeidhm.

Is measa an trangláil sna dorchlaí in Ospidéal Ollscoile Luimnigh thar aon ospidéal eile sa tír agus mórán gach aon lá is ann a bhíonn an líon is mó othar ag fanacht le leaba a fháil.

Nuacht agus Cúrsaí Reatha RTÉ