I gcúirt achomharc sa Fhrainc inniu, cuireadh tús le dara triail chorparáideach Air France and Airbus i dtaca le tubaiste eitleáin in 2009 inar maraíodh 228 duine, triúr Éireannach ina measc.
Thuairt an t-eitleán A330 san Aigéan Atlantach agus í ar a bealach go Páras as Rio de Janeiro sa Bhrasaíl ar an 1 Meitheamh 2009.
Maraíodh gach uile dhuine a bhí ar bord an eitleáin, lenar áiríodh triúr dochtúirí óga as Éirinn.
B'in iad Aisling Butler, 26 bliain, as Ros Cré i gCo Thiobraid Árann; Jane Deasy, 27 bliain, as Ráth Maonais i mBaile Átha Cliath; agus Eithne Walls, 28 bliain, as Baile Mhic Gabhann i gCo an Dúin.

Ní bhfuarthas taifeadáin an eitleáin go ceann dhá bhliain i ndiaidh na tubaiste agus in 2012 chinn imscrúdaitheoirí eitlíochta gur earráidí a rinne na píolótaí ba shiocair leis.
Mar sin féin, dúradh gur cuireadh na píolótaí dá dtreoir mar gheall ar fhabht a bhí sa trealamh monatóireachta luais.
Rialaigh cúirt choiriúil sa Fhrainc in 2023, áfach, nach bhféadfaí a chruthú gur ar an aerlíne Air France ná ar an gcomhlacht déantúsaíochta Airbus a bhí an milleán faoin tubaiste agus fuarthas neamhchiontach iad i ndúnorgain neamhdheonach.
Cé gur ghlac an chúirt leis go raibh faillí i gceist dúirt an breitheamh nárbh ionann sin agus freagracht gan agó.
Sa triail nua, más ea, beidh dlíodóirí theaghlaigh na marbh ag féachaint le cur ina luí ar an gcúirt go raibh baint dhíreach ag an bhfaillí úd leis an tubaiste.
Meastar go leanfaidh an triail cúpla mí.
Nuacht agus Cúrsaí Reatha RTÉ