Tá fear sna tríochaidí gafa ag na Gardaí ar amhras gur dhúnmharaigh sé beirt fhear agus bean a bhfuarthas a gcoirp i dteach i nDroim Gamhna i gCo Lú ar maidin inniu.
Deir na Gardaí nach bhfuil siad sa tóir ar aon duine eile agus deir siad gur ón teaghlach céanna an triúr a maraíodh.
Thug comhairleoir contae áitiúil le fios gur ó theaghlach aithnidiúil na mairbh.
Tá baile fearainn Dhroim Gamhna beagán le cois cúig chiliméadar siar ó shráidbhaile Lú.
Tá an fear a gabhadh faoi choinneáil i stáisiún Gardaí san oirthuaisceart agus deirtear go bhfuil cóireáil leighis de dhíth air.
Nuacht agus Cúrsaí Reatha RTÉ