skip to main content

'Iascach Intíre Éireann leis an dlí a chur ar thruaillitheoirí'

Bhí an breac buí agus an róiste i measc na n-iasc a maraíodh in Abhainn Bhéal Átha na nEach i gCo an Chabháin
Bhí an breac buí agus an róiste i measc na n-iasc a maraíodh in Abhainn Bhéal Átha na nEach i gCo an Chabháin

Tá Iascach Intíre Éireann leis an dlí a chur ar an duine nó ar na daoine a chreideann an ghníomhaireacht Stáit a bhí bainteach leis an slad ar éisc in Abhainn Bhéal Átha na nEach i gCo an Chabháin i gcaitheamh an tsamraidh.

Maraíodh os cionn 1,000 iasc nuair a truaillíodh fad ciliméadair den abhainn i mí Iúil.

Deimhníodh go raibh an breac buí, an garmachán, an pincín agus an róiste i measc na n-iasc a maraíodh.

Creideann Iascach Intíre Éireann go bhfuil foinse an truaillithe aimsithe acu agus deir siad go bhfuil súil acu cás dlí a thabhairt i gceann na haimsire.

Sé lá i ndiaidh an tslada in Abhainn Bhéal Átha na nEach, maraíodh idir 800 agus 900 iasc in Abhainn Dhroichead Uí Dhálaigh in oirthuaisceart Loch Síleann i gCo an Chabháin.

Deir Iascach Intíre Éireann, más ea, nach raibh aon bhaint ag an truailliú in Abhainn Bhéal Átha na nEach leis an slad úd.

Meastar gur teocht an uisce a bheith ró-ard agus an leibhéal ocsaigine tuaslagtha a bheith ró-íseal in Abhainn Dhroichead Uí Dhálaigh ag an am ba chúis le marú na n-iasc ansin.

Nuacht agus Cúrsaí Reatha RTÉ