In Amharclann Ghaoth Dobhair aréir (Dé hAoine), sheol Ambasadóir na Palaistíne go hÉirinn, an Dr. Jilan Wahba Abdalmajid, an dara féile Dorn san Aer i gcuimhne ar an iarchraoltóir aitheanta, Rónán Mac Aodha Bhuí.
Agus í ag caint ina teanga dhúchais, an Araibis, agus aistriúchán Gaeilge teilgthe ar an ardán, dúirt an t-ambasadóir go dtuigeann sí an cháil a bhí ar Rónán mar laoch ar son na Gaeilge agus mar shárchraoltóir a bhí ábalta dul i bhfeidhm ar dhaoine.

"Inniu agus mé anseo i bhur láthair, mothaím a oidhreacht agus an lorg a d'fhág sé oraibh. Mothaím an grá ata ag an phobal seo dó.
Is mór an onóir dom a bheith anseo inniu ag an fhéile aitheanta seo, Dorn San Aer, i nGaoth Dobhair; áit a bhfuil stair fhada de streachailt in éadan an choilíneachais.
Gné bhunúsach de chultúr náisiúnta ar bith atá i dteanga. Láidríonn an teanga féiniúlacht an phobail agus caomhnaíonn sí an stair agus an oidhreacht do na glúnta atá le teacht.
D'fhoghlaim mise seo ó bheith ag caomhnú mo theanga féin, agus rinne mé sáriarracht í a thabhairt do mo chuid páistí, nuair a bhí siad i bhfad ó bhaile ón Phalaistín. Bhí rún daingean agam i gcónaí mo chlann a thabhairt liom ar ais abhaile agus mé ar cuairt chuig mo mhuintir sa Phalaistín.
Bhí seo uilig dian agus deacair orm leo ag an tús.

Ach tá a fhios againn, le líofacht a bhaint amach i dteanga, gur gá cónaí a dhéanamh i measc an phobail a bhfuil sí ina teanga laethúil acu.
Níor thaitin sé leis na páistí bheith ag déanamh obair bhreise ar an Araibis i ndiaidh am scoile ná ag an deireadh seachtaine. Ach chuir mé suas dá ngearán gach deireadh seachtaine nuair a bhí siad ar scoil, agus sa deireadh chríochnaigh siad an mheánscoil agus an Araibis ar a dtoil acu mar a bhí a ba mhian liom. Tuigeann siad anois gur bhfiú mo rún daingean agus an fhoighne , agus tuigeann siad anois chomh tábhachtach is atá an teanga.
Tá bród orm as mo theanga dhúchais, an Araibis agus as bheith ábalta í a thabhairt do mo chlann. Mholfainn do chách go múinfí teanga do pháistí agus iad óg, mar go mbíonn sé i bhfad níos deacra í a shealbhú agus iad fásta. Is í an teanga ar mbaile.Ná caillimis í.
Tá súil agam go mbainfidh sibh sult as an fhéile iontach seo! Gabhaim buíochas libh as bhur dtacaíocht uilig do phobal na Palaistíne.Neartaíonn sé go mór muid.
Tá aithne ag gach Palaistíneach ar Éirinn. Go raibh míle maith agaibh."
Seo an dara bliain den fhéile Dorn san Aer, a bhunaigh cairde Rónáin Mhic Aodha Bhuí i ndiaidh bhás an chraoltóra aitheanta i Meán Fómhair, 2023.
Leanfaidh an fhéile ar aghaidh i nGaoth Dobhair go dtí oíche Dhomhnaigh. Tá gach eolas le fáil ar an suíomh www.dornsanaer.ie