skip to main content

An t-iarchomhairleoir polaitíochta Martin Mansergh tar éis bháis

Ómós tugtha go forleathan don iarchomhairleoir polaitíochta agus Aire Stáit Martin Mansergh
Ómós tugtha go forleathan don iarchomhairleoir polaitíochta agus Aire Stáit Martin Mansergh

Tá an t-iarchomhairleoir polaitíochta le Fianna Fáil Martin Mansergh tar éis bháis. Státseirbhíseach, Seanadóir, Teachta Dála agus Aire Stáit ab ea Martin Mansergh chomh maith.

Bhí sé 78 bliain d'aois agus cailleadh é go tobann agus é ar cuairt ar réigiún an tSahára san Afraic.

Cé gur i Sasana a rugadh agus a tógadh é, ba as Tiobraid Árann a athair – an staraí aitheanta Nicholas Mansergh.

Mar chomhairleoir polaitíochta ag triúr Taoiseach – Cathal Ó hEochaidh, Albert Reyolds agus Bertie Ahern – bhí baint nár bheag ag Martin Mansergh leis an bpróiseas síochána sa Tuaisceart a chur sa siúl agus lena chur i gcrích, arbh é Comhaontú Aoine an Chéasta i 1998 a bhuaic.

I gcaitheamh na mblianta íogaire sin, labhair sé thar ceann Rialtas na hÉireann le poblachtaigh, le náisiúnaithe eile agus le hidirghabhálaithe ó thuaidh agus chuir sé comhairle ar pholaiteoirí sinsearacha i bhFianna Fáil faoin mbealach is fearr le dul i gceann an phróisis síochána.

Agus bonn réasúnta láidir faoin tsíocháin ó thuaidh ar deireadh, chuir Martin Mansergh a ainm chun cinn mar iarrthóir san olltoghchán ó dheas in 2002.

Cé gur theip air, chaith sé cúig bliana ina Sheanadóir nó gur bhuaigh sé suíochán ar an dara hiarraidh i ndáilcheantar Thiobraid Árann Theas in 2007.

Ceapadh ina Aire Stáit é agus bhí cúraimí éagsúla air nó gur chaill sé a shuíochán san olltogchán in 2011.

Tá ómós tugtha do Martin Mansergh ag polaiteoirí ó pháirtithe éagsúla, lena n-áirítear an Taoiseach Micheál Martin, iarcheannaire Shinn Féin Gerry Adams agus an Tánaiste Simon Harris.

Maireann a bhean chéile Elizabeth agus a chúigear clainne.

Nuacht agus Cúrsaí Reatha RTÉ