Léiríonn na figiúirí is deireanaí ón Roinn Tithíochta go raibh 16,353 duine gan dídean nó ag cur fúthu i lóistín éigeandála sa Stát an mhí seo caite.
Méadú de 295 is ea é sin ar an líon daoine a bhí gan dídean i mí Iúil.
Áírítear 5,145 leanbh ar na daoine a bhí ina gcónaí i lóistín éigeandála i mí Lúnasa, an líon is mó leanaí a taifeadadh riamh.
Ag trácht dó ar na figiúirí nua, dúirt Seán Moynihan ón gcarthanas do dhaoine aosta Alone gur tháinig méadú de 83% idir an dá dhaonáireamh dheireanacha ar an líon daoine os cionn 65 bliain d'aois a raibh áras cónaithe ar cíos acu.
Ní foláir nó gur i ndonas a rachas an scéal, arsa sé, ó tá an oiread sin daoine atá sna caogaidí agus sna daichidí faoi láthair nach bhfuil áras cónaithe dá gcuid féin acu.
Dar leis an Muimhneachánach gur cheart 25% de na tithe atá le tógáil ag an Stát a chur ar fáil do dhaoine aosta le teacht roimh an bhfadhb.
Ag caint a bhí sé ar an ngealltanas atá i gClár an Rialtais barr ar 300,000 áras cónaithe a thógáil as seo go deireadh 2030.
Nuacht agus Cúrsaí Reatha RTÉ