Ta an triúr iarrthóirí sa toghchán Uachtaránachta ag canbhasáil i gCo Dhún na nGall agus i gCo Chiarraí inniu.
Iarrthóir na heite clé Catherine Connolly, beidh sí i mbaile Dhún na nGall, sna Cealla Beaga, sa Chlochán Liath agus in Ard an Rátha.
Ó tá Sinn Féin ag tacú le Catherine Connolly, tá urlabhraí airgeadais an pháirtí sin, Pearse Doherty as Gaoth Dobhair, ag canbhasáil in éindí léi inniu.
I gCiarraí atá iarrthóir Fhine Gael Heather Humphreys agus iarrthóir Fhianna Fáil Jim Gavin araon.
D'fhéadfadh sé go gcasfaí ar a chéile iad ó tá an bheirt acu le dul chuig Rásaí Lios Tuathail tráthnóna.
Cuireadh an bheirt faoi agallamh ó áiteanna éagsúla ar Radio Kerry ar maidin.
Tá Jim Gavin i dTrá Lí, áit a dtabharfaidh sé sciuird ar Éiceapháirc Bhogach Bhá Thrá Lí.
Chuaigh Heather Humphreys ar thuras gairid i gcairt i gCill Airne, tá sí le bheith i dTeach Mhucrois ar ball agus tabharfaidh sí cuairt freisin ar Bhothán Ban Thrá Lí.
Nuacht agus Cúrsaí Reatha RTÉ