skip to main content

Mo Chara: cás sceimhlitheoireachta caite amach

Liam Óg Ó hAnnaidh lasmuigh den chúirt in Woolwich in oirdheisceart Londan
Liam Óg Ó hAnnaidh lasmuigh den chúirt in Woolwich in oirdheisceart Londan

I gcúirt i Londain, caitheadh amach an cás sceimhlitheoireachta a bhí tugtha ag póilíní Shasana in aghaidh ball den ghrúpa rapcheoil Kneecap as Béal Feirste, Liam Óg Ó hAnnaidh.

Bhí Liam Óg Ó hAnnaidh cúisithe i mbratach a bhain leis an eagraíocht Hezbollah a nochtadh ag ceolchoirm de chuid Kneecap san O2 Forum in Kentish Town i dtuaisceart Londan ar an 21 Samhain 2024 agus sa mhana "Hamas Abú! Hezbollah Abú!" a fhógairt.

Díreach mar a bhí iarrtha ag dlíódóirí Liam Óig Uí Annaidh, a dtugtar Mo Chara mar ainm stáitse air, d'ordaigh an Breitheamh Paul Goldspring sa chúirt in Woolwich an cás a chaitheamh amach ar an mbonn go ndearnadh earráid theicniúil sa phróiseas dlíthiúil.

Níl aon rogha ach an cás a chur ar neamhní, arsa an breitheamh, de bharr nach raibh cead tugtha ag Ard-Aighne Shasana an cás a thabhairt nuair a chuir na póilíní in iúl do Liam Óg Ó hAnnaidh ar an 21 Bealtaine 2025 go rabhthas leis an dlí a chur air.

Sháraigh na húdaráis reacht na dtréimhsí sa mhéid sin, a dúirt an breitheamh.

Ag labhairt dó taobh amuigh den chúirt, ghabh Mo Chara buíochas lena dhlíodóirí agus leis an ateangaire Béarla-Gaeilge a chuidigh leis.

Mhaígh sé gur tugadh an cás ina aghaidh go bhféachfaí le daoine a labhraíonn amach faoi Gaza a chur ina dtost.

Dúirt seirbhís ionchúiseamh Shasana go mbreathnófaí go mion ar rialú na cúirte inniu agus thug le tuiscint go mb'fhéidir go ndéanfaí achomharc ina aghaidh.

Nuacht agus Cúrsaí Reatha RTÉ