skip to main content

Frigéid ón Iodáil, ón Spáinn le teacht i gcabhair ar loingeas fóirithinte Gaza

Tá os cionn scór Éireannach rannpháirteach sa loingeas idirnáisiúnta fóirithinte
Tá os cionn scór Éireannach rannpháirteach sa loingeas idirnáisiúnta fóirithinte

Tá an Iodáil agus an Spáinn le longa cogaidh a chur go hoirthear na Meánmhara le cabhlach idirnáisiúnta fóirithinte ar son Gaza a chosaint ar ionsaithe drón atá fórsaí míleata Iosrael a dhéanamh uirthi.

Tá daoine as 45 tír ar an 51 soitheach atá rannpháirteach sa chabhlach fóirithinte atá suite ó dheas ón gCréit faoi láthair.

D'fhógair Príomh-Aire na Spáinne Pedro Sánchez go seolfadh long chogaidh as calafort Cartagena in oirdheisceart na tíre sin inniu le tacú leis an gcabhlach fóirithinte agus le daoine a tharrtháil dá mba ghá.

Dúirt sé go raibh de cheart ag saoránaigh na Spáinne seoladh go sábháilte sa Mheánmhuir agus d'éiligh sé ar Iosrael aird a thabhairt ar an dlí idirnáisiúnta.

Cháin Aire Cosanta na hIodáile Guido Crosetto na ruathair atá na hIosraelaigh a dhéanamh ar an gcabhlach fóirithinte agus dhearbhaigh sé go dtiocfadh an dara long chogaidh ón tír sin i gcabhair uirthi.

D'fhógair na hIodálaigh inné go raibh siad le frigéad dá gcuid a chur chomh fada leis an gcabhlach chun í a chosaint ar na dróin.

Tá roinnt ionsaithe drón déanta ar an gcabhlach ó d'fhág sí Barcelona ar an 31 Lúnasa.

Tá os cionn scór Éireannach rannpháirteach sa chabhlach idirnáisiúnta fóirithinte, an Seanadóir Chris Andrews ó Shinn Féin ina measc.

Nuacht agus Cúrsaí Reatha RTÉ