skip to main content

'Ní gradam é Saoirse Bhaile Átha Cliath do dhuine mar Obama'

Conspóid faoi Shaoirse Bhaile Átha Cliath a bhronnadh ar Barack Obama
Conspóid faoi Shaoirse Bhaile Átha Cliath a bhronnadh ar Barack Obama

Tá seisear comhairleoirí áitiúla i mBaile Átha Cliath ag cur in aghaidh Saoirse na Cathrach a bhronnadh ar iarUachtarán Stáit Aontaithe Mheiriceá Barack Obama ag searmanas foirmiúil tráthnóna inniu.

Is siar in 2017 a vótáil Comhairle Cathrach Bhaile Átha Cliath an gradam a bhronnadh ar Obama agus tá sé le glacadh leis inniu tharla é a bheith ar cuairt ar Éirinn.

Tá sé fógartha ag comhairleoirí ón nGrúpa Neamhspleách, áfach, go bhfuil rún acu baghcat a dhéanamh ar an searmanas agus tá siad ag iarraidh ar chomairleoirí eile déanamh amhlaidh.

Is iad na comhairleoirí atá i gceist Cieran Perry, Nial Ring, John Lyons, Mannix Flynn, Pat Dunne agus Kevin Breen.

Tá an seisear ag achainí freisin ar an Ard-Mhéara Ray McAdam ó Fhine Gael an gradam a tharraingt siar.

Ní onóir é Saoirse na Cathrach do dhuine mar Barack Obama, dar leis an seisear, i bhfianaise "an tacaíocht a thug sé agus a thugann sé don réimeas sceimhlitheoireachta in Iosrael", gan trácht ar pholasaithe uafásácha eile a bhí aige nuair a bhí sé ina Uachtarán, mar a dúirt siad.

Tharraing na comhairleoirí aird go háirithe ar an $38 billiún i gcúnamh míleata a lamháil Obama d'Iosrael in 2015 agus ar a pholasaí cur in aghaidh aitheantas oifigiúil a thabhairt don Phalaistín i bhforais idirnáisiúnta.

Luaigh siad freisin an líon mór ionsaithe drón a rinne rialtas Obama ar an bPacastáin, ar an tSomáil agus ar Éimin le hais an rialtais a tháinig roimhe, chomh maith leis an ionradh a rinneadh ar an Libia gan cead a fháil ó chomhdháil Mheirceá.

Nuacht agus Cúrsaí Reatha RTÉ