skip to main content

'Iosrael ag iarraidh lucht loingis a imeaglú'

Ceannaire Shinn Féin Mary Lou McDonald
Ceannaire Shinn Féin Mary Lou McDonald

Dúirt ceannaire Shinn Féin Mary Lou McDonald go bhfuil an-imni uirthi faoi shábháilteacht na ndaoine atá i loingeas daonnúil atá ag feachaint le seoladh chomh fada le Gaza.

Tá roinnt ionsaithe drón déanta ar an loingeas – ag na hIosraelaigh, glactar leis – ó d'fhág sí Barcelona breis agus trí seachtaine ó shin.

51 soitheach atá sa loingeas a bhfuil a mbunáite ar ancaire amach ón gCréit faoi láthair.

Thug Mary Lou McDonald le fios go bhfuil os cionn 20 saoránach de chuid na hÉireann sa loingeas, an Seanadóir Chris Andrews ó Shinn Féin ina measc.

Sárú ar an dlí idirnáisiúnta is ea gníomhartha na nIosraelach agus é mar aidhm acu criú agus paisinéirí an loingis a imeaglú, arsa sí.

Is ar éigean a bhainfeas na báid ceann scríbe amach, áfach, gan trácht ar na soláthairtí fóirithinte atá ar bord orthu a dháileadh ar ainniseoirí Gaza.

Ar a shon sin, deir lucht a eagraithe nach féidir leo fulaingt na bPalaistíneach a scaoileadh tharstu agus creideann siad gur siombail láidir is ea an loingeas ar charthanas daonnúil d'ainneoin chumhacht éadrócaireach na nIosraelach.

Nuacht agus Cúrsaí Reatha RTÉ