Tá sé fógartha ag an Aire Sláinte Jennifer Carroll Mac Neill go bhfuil Sláinte Leanaí Éireann le cur faoi choimirce Fheidhmeannacht na Seirbhíse Sláinte roimh 2027.
Tá trí ospidéal leanaí i mBaile Átha Cliath faoi stiúir Shláinte Leanaí Éireann i láthair na huaire, mar atá, na hospidéil i dTamhlacht, i gCromghlinn agus i Sráid Temple.
Tá go leor cainte tarraingthe ag roinnt conspóidí atá tagtha chun cinn i Sláinte Leanaí Éireann, go háirithe na conspóidí a bhaineann le hobráidí droma a cuireadh ar pháistí agus an t-achar ama a bhíonn páistí le scolóis ag fanacht ar obráid a fháil.
Dúirt an tAire Sláinte go bhfuil sé tábhachtach go mbeadh cúram péidiatrach faoi stiúir oifigiúil Fheidhmeannacht na Seirbhíse Sláinte san am le teacht.
Nuacht agus Cúrsaí Reatha RTÉ