Agus an spriocam istigh ar bhuille an mheán lae, ní raibh ainmniúchán faighte don toghchán Uachtaránachta ach ag an triúr a raibh na riachtanais ábhartha comhlíonta acu i bhfad roimhe seo, mar atá, Catherine Connolly, Jim Gavin agus Heather Humphreys.
D'fhág sin ar an trá fholamh an t-abhcóide Maria Steen a bhí ar tinneall go dtí an nóiméad deiridh nach mór agus súil aici – thar ionchas – go dtabharfadh beirt chomhaltaí eile d'Oireachtas Éireann, pé beirt iad féin, go dtabharfaidís araicis uirthi.
Ní raibh uaithi ach an bheirt údan nár tháing, arae bhí ocht nduine dhéag ag tacú léi cheana féin – idir Theachtaí Dála agus Sheanadóirí – ach is fiche a theastaigh de réir dlí.
Scéal rabhartha go mallmhuir a bhí ann mar sin agus ba léir go raibh an-díomá ar Maria Steen faoin dóigh a ndeachaigh a feachtas ar na carraigeacha nuair a labhair sí leis na meáin taobh amuigh de Theach Laighean go gairid tar éis an mheán lae.
Tá tothlú ollmhór ag daoine le malairt iarrthóra ach is amhlaidh nach sásofar é anois, arsa sí.

Ní mó ná sásta atá Éire Neamhspleách ach an oiread, go háirithe tar éis don pháirtí sin páipéir ainmniúcháin Maria Steen a shíniú inné.
Go deimhin, mar gheall ar an dóbair nach ndeachaigh in abar an uair seo, tá Éire Neamhspleách ag moladh an dlí a leasú maidir le hiarrthóirí a ainmniú don toghchán Uachtaránachta.
Chuige sin, tá an páirtí ag iarraidh reifreann a ghairm ar an gceist le dúil an "an próiseas ró-aimpléiseach a athrú de ghrá an daonlathais".
Nuacht agus Cúrsaí Reatha RTÉ