Tá tacaíocht ó bheirt chomhaltaí eile d'Oireachtas Éireann de dhíth i gcónaí ar an abhcóide Maria Steen sular féidir léi a bheith ina hiarrthóir sa toghchán Uacharánachta.
Faoi láthair, is ocht nduine dhéag atá ag tacú léi – idir Theachtaí Dála agus Sheanadóirí – ach is fiche a theastaíonn de réir dlí.
Is é an Seanadóir Neamhspleách Aubrey McCarthy an duine is deireanaí le tacú léi.
Ag labhairt dó ar RTÉ ar maidin, dúirt an Seanadóir McCarthy gur de ghrá an daonlathais a shíneodh sé páipéir ainmniúcháin Maria Steeen siúd is nach bhfuil siad ar aon aigne faoi gach ceist.
Bíodh is gur thug sí le fios inné go raibh sí ag caint le "roinnt mhaith Teachtaí Dála agus Seanadóirí" faoina hainmniúchán, tá an t-am ag éalú go mear ar Maria Steeen arae caithfear na páipéir chuí a shíniú agus a chlárú faoin meán lae inniu.
Más amhlaidh atá rás Maria Steen rite, fágfaidh sé nach mbeidh san iomaíocht lá an toghcháin ach triúr, an líon is lú iarrthóirí ó 1990.
Is iad an triúr sin an Teachta Dála Neamhspleách ón eite chlé Catherine Connolly; Jim Gavin, iarrthóir Fhianna Fáil; agus Heather Humphreys ó Fhine Gael.
Nuacht agus Cúrsaí Reatha RTÉ