skip to main content

'Anseo' le dul i ngleic le 'as láthair'

Níos mó daltaí bunscoile as láthair ná mar a bhí roimh an bpaindéim Covid-19
Níos mó daltaí bunscoile as láthair ná mar a bhí roimh an bpaindéim Covid-19

Bhí 22% de dhaltaí bunscoile na tíre as láthair ón scoil breis agus 20 lá i gcaitheamh na scoilbhliana 2023-24, a deirtear i dtuarascáil nua ón ngníomhaireacht um leanaí agus an teaghlach Tusla.

Trí chéile, bhí daltaí bunscoile as láthair 8% den am in 2023-24, le hais 8.6% an bhliain roimhe sin agus 11% dhá bhliain roimhe sin.

I mbunscoileanna DEIS i gceantair faoi mhíbhuntáiste, áfach, bhí daltaí as láthair 11 % den am in 2023-24.

Cé go bhfuil an scéal ag dul i bhfeabhas, tá na figiúirí fós níos airde ná mar a bhí siad roimh an bpaindéim Covid-19.

Tabharfaidh an tAire Oideachais agus Óige Helen McEntee breis eolais níos deireanaí inniu ar fheachtas atá le seoladh chun dul i ngleic leis an bhfadhb.

'Anseo' atá á thabhairt ar an bhfeachtas a fhéachfas leis an tábhacht a bhaineann le scolaíocht rialta a mheabhrú do dhaoine óga ó thaobh an oideachais féin de, gan trácht ar a dteacht i gcrann go sóisialta agus go mothúchánach.

Nuacht agus Cúrsaí Reatha RTÉ