Rialaigh breitheamh i mBéal Feirste go nglacfaidh sé le fianaise chlostráchta i dtriail an fhir dá ngairtear Saighdiúir F atá cúisithe i mbeirt fhear a dhúnmharú Domhnach na Fola i nDoire i 1972.
Fianaise chlostráchta ó bheirt iarshaighdiúirí eile atá i gceist.
Deir an bheirt, dá ngairtear Saighdiúir G agus Saighdiúir H, go raibh Saighdiúir F i bPáirc an Ghleanna Fhada Thuaidh i nDoire nuair a lámhachadh Jim Wray agus William McKinney ar an 30 Eanáir 1972.
Bhí dlíodóirí Shaighdiúir F ag iarraidh nach mbeadh aon ghlacadh leis an bhfianaise chlostráchta úd sa triail.
Sa rialú a rinne sé inniu, áfach, dúirt an Breitheamh Patrick Lynch cé go raibh an cás in aghaidh Shaighdiúir F ag brath go hiomlán ar an bhfianaise chlostráchta gur shocraigh sé ar ghlacadh leis tar éis dó a mhionmharana a dhéanamh ar an gceist.
Thug an breitheamh le fios freisin go mbeadh sé míchuí aige na cúiseanna a bhí lena rialú a nochtadh faoi láthair.
Chomh maith le dúnmharú Jim Wray agus William McKinney, tá Saighdiúir F cúisithe in iarracht a dhéánamh ar chúigear eile a dhúnmharú an lá céanna, mar atá, Joseph Friel, Michael Quinn, Joe Mahon, Patrick O'Donnell agus duine anaithnid.
Tá Saighdiúir F ag pléadail neamhchiontach sna cionta ar fad atá curtha ina leith.
Cuireadh an triail ar athló go dtí an Aoine beag seo agus éistfear fianaise den chéad uair Dé Luain.
Nuacht agus Cúrsaí Reatha RTÉ