Le Tomás Ó Mainnín
Tá conspóid éirithe arís fé ghunna mór do chuid Arm na Rúise a spreag conspóid cheana féin in Inis i gCo an Chláir nach mór 170 bliain ó shin.
Tá an gunna mór a bhí á usáid ag Arm na Rúise i gCogadh na Crimé lonnaithe lasmuigh do theach na cúirte in Inis ó 1858.
Níl aon chlár eolais in aice an ghunna chun léargas a thabhairt air, áfach.
Dúirt an t-údar agus an staraí Brian Ó Dálaigh ó Inis gurb iad na Sasanaigh ba bhun leis an ngunna a bheith in Inis.
"Tar éis na Rúisigh a bheith buailte, do bheartaigh na Sasanaigh an gunna mór a thabhairt mar bhronntanas do bhaile na hInse mar cheiliúradh ar an mbua.
"Ach nuair a chuala muintir na hInse fé, ní rabhadar sásta agus eagraíodh feachtas i gcoinne an phlean.
"Náisiúnaithe ab ea mórchuid do mhuintir an bhaile agus níor theastaigh bronntanas dá leithéid seo ó Shasana uathu", a dúirt sé.
Cé go raibh plean ann an gunna a thabhairt go lár bhaile na hInse le tionlacan banna ceoil agus ceiliúradh, de bharr na conspóide caitheadh na pleananna san a athrú.
Ar deireadh is fé dhorchadas na hoíche a tugadh an gunna isteach agus fágadh ag teach na cúirte é seachas i lár an bhaile agus tá sé ann ó shin.
Anois tá sé molta ag Méara an bhaile Mary Howard gur cheart an gunna a athlonnú go dtí Páirc Síochána an Chláir in Inis.
"Braithimid gurbh fhearr a d'oirfeadh an pháirc dá leithéid agus d’fhéadfaí clár eolais a chur leis ionas go dtuigfeadh an pobal an stair a bhaineann leis", a dúirt sí.
Ach níl gach duine ar aon intinn leis an Méara. Dúirt an Comhairleoir Tommy Guilfoyle ó Shinn Féin nach aon áit do ghunna mar é páirc síochána.
"Is trófaí cogaidh é seo do chuid Shasana a dhein ceiliúradh ar an impireacht. Tá daoine tar éis a bheith i dteangmháil liom ag ceistiú cén fáth go bhfuil plé ar an ngunna a chur sa pháirc síochána.
"Dúirt mé leotha go n-aontaím leotha agus gur cheart an gunna a fhágaint san áit a bhfuil sé le nach mór 170 bliain", a dúirt Tommy Guilfoyle.
Tá an Chomhairle Baile in Inis chun iniúchadh a dhéanamh anois fé cé leis an gunna agus an féidir é a athlonnú.