Tá scoil bheag gar d'Inis Díomáin i gCo an Chláir i mbaol a dúnta mura n-éireoidh le lucht na scoile daltaí breise a mhealladh roimh an tseachtain seo chugainn.
Teastaíonn aon dalta dhéag ó scoil náisiúnta Fhorghleanna le go mbeidh cead na doirse a choinneáil oscailte an bhliain seo chugainn, ach níl ach seachtar ann faoi láthair.
Tógadh Scoil Mhichíl Naofa i bhForghleann gar d'Inis Díomáin i 1963 ach tá scoil lonnaithe sa cheantar ó na 1880í.
Tá beirt mhúinteoirí, múinteoir páirtaimseartha riachtanas speisialta agus cúntóir riachtanas speisialta ag obair sa scoil i láthair na huaire.

Tá an príomhoide Patricia Vaughan ag múineadh sa scoil le 30 bliain ach d'uireasa daltaí breise ní bheidh sí féin ná aon mhúinteoir eile ann an bhliain seo chugainn.
Deir sí gur díograiseach an dream iad foireann na scoile agus tá sí ag impí ar thuismitheoirí atá tagtha isteach sa cheantar "seans a thabhairt don scoil".
Dar léi gur scoil den scoth í agus deir sí go bhfuil iarrachtaí ollmhóra ar bun acu tuilleadh tuismitheoirí a mhealladh.
Tá go dtí Dé Máirt seo chugainn ag daoine clárú le haghaidh na scoilbhliana 2026-27.
Nuacht agus Cúrsaí Reatha RTÉ