skip to main content

Fliú éanúil in anaclann éanlaithe i gCorcaigh

Anaclann éanlaithe an Locha i gCorcaigh
Anaclann éanlaithe an Locha i gCorcaigh

Táthar ag comhairliú do dhaoine a thugann cuairt ar an anaclann éanlaithe sa Loch i gcathair Chorcaí gan lámh a leagan ar éin atá marbh nó atá tinn tharla go bhfuil sé deimhnithe go bhfuil ráig den fhliú éanúil ansin.

Comhairlítear freisin gan lámh a leagan ar aon chleití curtha agus madraí a fhágáil sa bhaile nó a choimeád ar iall.

Fuarthas roinnt éan marbh san anaclann le gairid agus léirigh tástálacha gur fliú éanúil ba thrúig bháis dóibh.

Táthar ag iarraidh ar dhaoine scéal a chur chuig Comhairle Cathrach Chorcaí gan mhoill má fheiceann siad éan marbh nó tinn sa cheantar.

Galar víreasach an-tógálach is ea an fliú éanúil a chuireann isteach ar chóras riospráide, ar chóras díleá agus ar néarchóras na n-éan a tholgann é.

Tolgann ainmhithe eile an fliú éanúil freisin ach níor tuairiscíodh riamh go dtí seo ach an fíor-chorrchás i measc daonnaithe.

Nuacht agus Cúrsaí Reatha RTÉ