Dúirt an Taoiseach Micheál Martin "gur léir go raibh rún ag Rialtas Iosrael ón gcéad lá riamh cinedhíothú a dhéanamh" ar Phalaistínigh Gaza.
Ag labhairt a bhí sé ag Comhthionól Ginearálta na Náisiún Aontaithe i Nua-Eabhrac, áit a bhfuil polaiteoirí idirnáisiúnta tagtha le chéile go ceann dhá lá leis an ngéarchéim sa Mheánoirthear a phlé.
Dhá stát le taobh a chéile – Iosrael agus an Phalaistín – an réiteach atá bunáite na bpolaiteoirí a mholadh, an Taoiseach ina measc, agus thar an gcinedhíothú féin sin é is mó atá faoi chaibidil acu.
San aitheasc a thug sé uaidh os comhair an Chomhthionóil Ghinearálta aréir, rinne an Taoiseach cur síos ar na gníomhartha millteanacha atá na hIosraelaigh a dhéanamh in Gaza le dhá bhliain.
Labhair sé ar an 65,000 duine atá marathe acu, 20,000 leanbh ina measc; ar an ocras atá siad a fhágáil d'aon ghnó ar an bpobal; ar na hospidéil agus na scoileanna atá scriosta acu; agus ar chultúr ársa na bPalaistíneach a bheith díscithe acu.
Thrácht sé freisin ar na hainniseoirí ar lámhach saighdiúirí Iosraelacha iad agus iad sa tóir ar bhia dá gclann, chomh maith leis na hoibrithe fóirithinte agus na hiriseoirí a mharaigh siad.
Mar le réiteach an dá stát, más é atá i ndán, dúirt Micheál Martin go mbeadh Éire sásta páirt a ghlacadh ina fhíorú.
Tá an t-ionú ann agus ní mór do thíortha an domhain é a thapú gan spás, arsa sé.
Thug an Taoiseach le fios chomh maith go raibh daoine áirithe, na hIosraelaigh ina measc, ag cur go láidir in aghaidh réiteach an dá stát.
B'fhurasta deireadh dúile a bhaint de ach ina leaba sin, arsa sé, ní foláir gníomhú ar son an chirt.
Mhol sé "misneach thar cailc na n-oibrithe fóirithinte, lucht leighis agus na n-iriseorí ar fad atá mionnaithe a ndícheall a dhéanamh ar son mhuintir Gaza gan aon bheann ar a sábháilteacht féin" agus dúirt gur cheart do cheannairí polaitiúla an t-ómós cuí a thabhairt do na daoine sin anois agus a gcion féin a dhéanamh.
Nuacht agus Cúrsaí Reatha RTÉ