skip to main content

Éire Neamhspleách le Maria Steen a ainmniú don toghchán Uachtaránachta

Tacaíocht ó thriúr polaiteoirí eile de dhíth ar an abhcóide Maria Steen
Tacaíocht ó thriúr polaiteoirí eile de dhíth ar an abhcóide Maria Steen

Tá sé deimhnithe ag Éire Neamhspleách go bhfuil sé i gceist ag an gceathrar Teachtaí Dála atá ag an bpáirtí sin an t-abhcóide Maria Steen a ainmniú mar iarrthóir sa toghchán Uachtaránachta.

Sin iad Michael Collins, Ken O'Flynn, Michael Fitzmaurice agus Richard O'Donoghue a raibh cruinniú acu le Maria Steen aréir.

Dheimhnigh an Teachta Dála Neamhspleách Danny Healy-Rae go mbeadh sé féin ag tacú le Maria Steen chomh maith.

Fágann sin go bhfuil tacaíocht faighte ag Maria Steen go dtí seo ó sheacht nduine dhéag in Oireachtas Éireann – idir Theachtaí Dála agus Sheanadóirí – ach tá triúr tacadóirí eile de dhíth uirthi fós sular féidir léi a bheith san iomaíocht lá an toghcháin.

Ní tráth siléige é, más ea, ós amárach an lá deireanach a ghlacfar le hainmniúcháin.

Níl a leas á chur ar cairde ag Maria Steen agus thug sí le fios go raibh sí ag caint le "roinnt mhaith Teachtaí Dála agus Seanadóirí" faoin scéal, tar éis nár chuir sí ainm ar aon duine acu.

I ráiteas, dúirt Éire Neamhspleách go raibh an páirtí "an-tógtha le macántacht Maria Steen, lena hionracas, lena cumas a cuid tuairimí a chur in iúl agus leis an bhfís atá aici don Uachtaránacht".

Níos túisce, dheimhnigh an tAire Stáit Marian Harkin go raibh na páipéir ainmniúcháin don Uachtaránacht sínithe aici ar son Maria Steen cheana féin.

Mhaígh Marian Harkin gur iarrthóir dáiríre í Maria Steen agus dúirt go bhfuil na tuairimí atá aici mar iarrthóir caomhach, nó cuid acu ar a laghad, go bhfuil siad ag teacht le tuairimí sciar suntasach de mhuintir na hÉireann.

Nuacht agus Cúrsaí Reatha RTÉ